Squirrels PREAB SAN OL

jason

Seanchaí
Staff member
Is iomaí slí siu a bhios ag daoine
Ag cruinniú píosaí is ag déanamh stóir,
Is a laghad a smaoinid ar ghiorra an tsaoil seo,
Is go mbeidh siad sínte faoi leac go fóill.
Más tiarna tíre, dióch nó rí thú,
Ní cuirfear pighin leat ‘s tú ag dul faoin bhfod:
Mar sin ‘s dá bhrí sin, nil beart níos críonna
Ná bheith go síoraí ag cur preab san ól.

Tá dream de dhaoine le ba is le caoirigh,
Ag dul chun aonaigh ‘s ag fáil dohar mór,
Dágeur chun cíbe agus as sin go mínligh –
Poíntí críonna do feictear dhóibh.
Ach déantar fianaise ar an mí seo
Go mbéid ag caoineadhh is ag sileadh deor:
Mar sin is dá bhrí sin, nil beart níòs críonna
Ná bheith go síoraí ag cur preab san ól.

An ceannaí craosach nil meon ná slí ar bith
Le ór a dhéanamh nach bhfeictear dhó,
An ráta is daoire ar anearra is saoire,
Is ar luach sé phinge de cuirfeadh c’Soróin;
‘S do réir chaint Chriosta is ni do-dhéanta
An camall cíocrach ‘thabhairt tríd an geró;
Mar sin ‘s dá bhrí sin, nil beart níos críonna
Ná bheith go síoraí ag cur preab san ól.

Is gearr an saol tá ag an lílí sciamhach
Cé gur buí agus gur geal a ghabháil,
Is Solamh críonna ina chulaith riúil
Nach bhfuil baol air in áille dhó.
Nil satsaol seo ach mar soinneán gaoithe,
Ga a scaoiltear nó slám de cheo:
Mar sin ‘s dá bhrí sin, nil beart níos críonna
Ná bheith go síoraí ag cur preab san ól.

 
Top